Upload
others
View
0
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
Nollaig 2016
Tá críoch ag teacht leis an téarma scoile agus tá múinteoirí agus tuismitheoirí na scoile sásta le dul
chun cinn na ndaltaí ó Mhéan Fómhair. Cinnte tá sos tuillte acu go léir agus tá súil againn go
mbeidh Nollaig álainn ag gach páiste.
As the first school term comes to an end we are very pleased with the pupil's work and progress since
September. They have worked very hard and we hope that the children have a deserved rest and a
very Happy Christmas.
Bhí téarma an-mhaith ar fad againn i Scoil Aonghusa. Tá ag éirí go han-mhaith le ceoltóirí na scoile
agus táimid sásta leis an bhforbairt atá ag teacht ar dhaltaí Rang 3 agus 4 ar an bhfidil agus ar
dhaltaí Rang 5 agus 6 ar an bhfidil agus giotár. Bhain idir daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí sult
as an Seisiún Ceoil a bhí ar súil i leabharlann na scoile le déanaí agus na sólaistí ina dhiaidh.
Gabhaimid buíochas leis na tuismitheoirí ar fad a thug cabhair leis an Seisiún Ceoil.
Comhghairdeas le na páistí ón scoil a ghlac páirt sa cheolchoirm ‘Trad na Samhna’ san ionad
Barbican le déanaí. Tá ard mholadh tuillte do chór na scoile. Ghlac cór na scoile páirt i gcomórtas
amhránaíochta cúpla seachtain ó shin. Beidh cór na scoile ag canadh ag Seirbhís Carúl na Nollag sa
Séipéal Agaistíneach i nDroichead Átha ar an Déardaoin 15 Mí na Nollag ar 8 a chlog. Gabhaim
buíochas le na tuismitheoirí a dhíol na ticéidí agus le gach duine a cheannaigh ticéad don
cheolchoirm ón scoil. I mbliana tá Cór na Scoile ag glacadh páirt i gCór na nÓg. Tá ard-mholadh
tuillte do fhoireann Tráth na gCeist na scoile. D'éirigh go hiontach le foireann peile agus foireann
reatha na scoile. Tá grianghraf de fhoireann Tráth na gCeist agus na trófaí a bhuaigh siad agus
grianghraf de fhoireann reatha na scoile le na boinn a bhuaigh siad ar chrochadh sa phasáiste thíos
staighre sa scoil. Thaitin Lá Spóirt an Garda Suíochána le daltaí Rang 6. Tá daltaí na scoile ag baint
taitnimh agus tairbhe as na ranganna ceoil agus amhránaíochta le Geraldine Doggett gach Aoine.
We had a great first term in Scoil Aonghusa. The musicians of Rang 3 and 4 on the fiddle and Rang 5
and 6 on fiddle or guitar are progressing very well. Pupils, teachers and parents involved in the
recent 'Seisiún Ceoil' enjoyed the great music and the refreshments following the session. We thank
the parents who helped with the Seisiún. Congratulations to all the musicians who performed at the
recent concert, ‘Trad na Samhna’ organised by Comhaltas Ceoltóirí. Well done to the school choir,
who took part in the recent Drogheda Choral Festival in The Barbican. The boys and girls of Rang 5
and Rang 6 excelled themselves on the day. This year the school choir is particpating in the National
Children’s Choir Programme. The school choir will also perform at the Tredagh Singers’ Carol Service
in the Augustinian Church on Thursday 15th of December at 8 p.m. I thank the parents who sold
tickets for the concert and all those who purchased a ticket for this concert from the school. I
congratulate the school Quiz Team on their recent successes. Well done to the school Running Team
and our Football Teams. A photograph of the Quiz Team with their trophies and the Running Team
with their medals are on display on the downstairs corridor of the school. The students of Rang 6
enjoyed the annual Sport's Day organised by An Garda Suíochána. All the pupils of the school are
enjoying and benefitting greatly from the Music Appreciation Classes and singing with Geraldine
Doggett every Friday.
Gabhaimid buíochas le daltaí Rang 4, Rang 6 agus tuismitheoirí as ucht an obair ar fad a rinne siad chun an scoil a mhaisiú don Nollaig. Tá an scoil agus na seomraí ar fad ag féachaint go hálainn le ealaín na bpáistí.
We thank the students of Rang 4, Rang 6 and parents for all their work and help to decorate the school for Christmas. The school and the classrooms are looking great with all the children’s artwork.
Tá páistí Rang na Naíonán Sóisear socruithe go maith agus iad ag baint an-sult as gníomhaíochtaí
laethúla an ranga ach go háirithe ceol le Geraldine sa halla ar an Aoine. Táimid sásta le dul chun
cinn i Rang na Naíonáin Shinsir agus tá feabhas ag teacht ar labhairt Gaeilge na bpáistí. Tosóidh
múineadh foirmeálta an Bhéarla i Rang na Naíonáin Shinsir i Mí Eanáir. Faoi láthair tá daltaí Rang 1
ag baint an-sult agus tairbhe as gníomhaíochtaí, grúpobair agus cluichí Mata. Tá an feabhas ag
teacht ar léitheoireacht agus scríbhneoireacht Rang Dó. Thaitin na seisiúin traenála agus scileanna
peile le Stephen go mór le Rang 3.
The Junior Infants have settled in very well and the children are enjoying all their class activities. The
children particularly love music with Geraldine on a Friday. We are very happy with the progress
being made by the children in the Senior Infants’ classroom. The children's Irish fluency is improving
daily. The children in Senior Infants will begin formal English instruction in January. Currently the
boys and girls in Rang 1 are enjoying and benefitting greatly from the games, activities and
Mathematical challenges. The children of Rang 2 are progressing well with their reading and writing.
The boys and girls of Rang 3 enjoyed and benefitted from their GAA football skills and training
sessions.
Tá Coiste na nDaltaí ag obair go dian. Buaileann Coiste na nDaltaí le Múinteoir Edel i rith am lóin
gach dara Luan. Tá bosca na smaointe fágtha ag an gCoiste taobh amuigh d’oifig Edel do pháistí na
scoile. Tá córas páirtíochta againn sa scoil agus gabhaimid buíochas le daltaí Rang 5 agus Rang 6
atá mar mheantóir cúnta ag páistí sna Naíonáin sa chlós. Tá daltaí i Rang 1 ag baint an-sult as an
gClub Lego an am Lóin.
Our Student’s Council meets with Múinteoir Edel every second Monday at lunchtime. The Council has
an ‘Idea’s Box’ left outside the Principal’s office for the use of the students of the school. We have a
‘Buddy System’ in the school and we thank the students from Rang 5 and Rang 6 who are paired with
children in the younger classes and help in the yard during playtimes. Pupils from Rang 1 are enjoying
the Club Lego at lunchtimes.
D’éirigh go maith le na gníomhaíochtaí iar-scoile an téarma seo - Ranganna Rince le David Moore,
Ranganna Fichille agus Ranganna Ríomhaireachta Scratch. Maith sibh a pháistí.
The after school classes that we offered this term were Irish Dancing with David Moore, Chess Classes
and Computer Programming. Well done to all involved.
Thaitin an Seachtain Mata a bhí againn sa scoil go mór le gach duine. Tá grianghraif ar thaispeáint
anois sa phasáiste thíos staighre. Tá daltaí Rang 6 gafa leis an gclár ‘Fiontraí Óg’.
All students enjoyed our Maths Week held during the term. Photographs capturing all the activity,
learning and enjoyment of the week are currently on display on the walls of the school corridor
downstairs. Rang 6 are busy engaging with the Young Entrepreneur Programme.
Gabhaimid buíochas le Móinsíneoir Jim, Séiplíneach na scoile. I rith an téarma bhí cruinniú i
gcomhair tuismitheoirí Rang 2, 5 agus 6, bhí Aifreann Clárúcháin ag na daltaí a bheidh ag dul faoi
láimh easpaig nó ag déanamh an Chéad Chomaoineach agus bhí deis ag daltaí Rang 3, 4, 5 agus 6
páirt a ghlacadh i Searmanas na Faoistine.
We thank Monsignor Jim our school Chaplin. During the term the parents of our Sacramental classes
attended a preparation meeting in the school and the pupils attended their Enrolment Mass as part
of their Sacramental Preparation. Pupils in Rang 3, 4, 5 and 6 attended an Advent Prayer Service and
had the opportunity to receive the Sacrament of Reconciliation.
Gabhaimid buíochas ó chroí le Rachel O’ Sullivan as ucht na hoibre ar fad a rinne sí i leabharlann
na scoile. Tá na leabhair léitheoireachta ar fad sa leabharlann agus sna seomraí ranga cláraithe go
leictreonach againn. Faoi láthair táimid ag cur le na leabhair ar fad atá againn sa leabharlann.
I sincerely thank Rachel O’ Sullivan for all her work in the school library during the term. All books in
the library and in the classrooms are now electronically recorded on our school database. We are
currently adding to our collection of books in the library.
Cuirim i gcuimhne duit go bhfuil roinnt polasaí na scoile le fáil ar ár suíomh idirlíon. Tá tuairisc
2015/16 ó Bhord Bainistíochta na scoile le léamh ar ár suíomh freisin- www.scoilaonghusa.com.
Gabhaim buíochas le Siobhán O’ Dwyer a thugann aire don suíomh dúinn.
I remind you that a selection of school policies can be found on our website. I welcome you to read if
you have not yet done so, on our website the Board of Management Report 2015/16. A word of
thanks to Siobhán O’ Dwyer for regularly updating the school website.
Faoi láthair tá an scoil ag cur an-bhéim ar scríbhneoireacht na Gaeilge agus deiseanna
scríbhneoireachta a thabhairt do na páistí. Tá portfóilió ag gach páiste agus samplaí d’obair na
bpáistí á bailiú acu. Téann na portfóiliónna seo ar aghaidh ó bhliain go dtí an chéad scoilbhliain
eile. I rith an téarma seo bhí deis ag daltaí Rang 1 – Rang 6 dul tríd próiseas na scríbhneoireachta
agus tuairisc a scríobh. Tá tuairiscí na bpáistí ar thaispeáint i halla na scoile.
As a school we are placing an emphasis and focus on Irish writing and opportunities for the children
to engage with writing. Each child has a portfolio folder and the children have the opportunity to
collect samples of their work. The portfolio follows the child from one class year to the next and thus
tracks the child’s progress. This term the students in Rang 1 – Rang 6 had the opportunity to go
through the stages of the writing process and write a report. The children’s reports are currently on
display in the school hall.
I Mí Eanáir beidh Mona Branigan, tuismitheoir na scoile ag cur ranganna aclaíochta ar súil i Halla
na scoile, oíche Luain ag 8 chlog ar feadh leathuair a chloig. Beidh níos mó eolais ar fáil duit i Mí
Eanáir. Freisin, tá sé i gceist ag Cumann na dTuismitheoirí ag tosú i Mí Eanáir an deis a ofráil do
thuismitheoirí na scoile páirt a ghlacadh i scéim coigiltis don scéim leabhair. Beidh a thuilleadh
eolais i Mí Eanáir. Gabhaim buíochas le Miryam Mc Donnell, Cathaoirleach agus Cumann na
dTuismitheoirí ar fad as ucht na hoibre a rinne siad do Chrannchur na Nollag. Míle buíochas
libhse a thuismitheoirí as ucht bhur gcineáltas.
In January Mona Branigan has kindly offered to facilitate a 6 week Circuit Training Class for parents
in the school hall on a Monday night at 8 p.m. You will receive more information about the classes
after the Christmas holiday. Also, in the New Year Cumann na dTuismitheoirí plan to offer parents the
opportunity to start a savings scheme towards the cost of the schoolbook scheme. You will receive
more information about this service in January. A sincere word of thanks to Miryam Mc Donnell,
Chairperson of Cumann na dTuismitheoirí and to all members of the Parents’ Association for all their
work in organising our Christmas Raffle which raised €4,536 and to you the parents for your
generosity and kindness.
Faoi láthair tá boscaí bailiúcháin sa scoil chun bia a bhailiú i gcomhair Naomh Uinseann de Phól. Is
féidir le páistí na scoile bia a thabhairt isteach don bhosca roimh Chéadaoin 21 Nollaig. Molaim na
daltaí a d’ullmhaigh bosca don ‘Shoebox Appeal’
Currently there are collection boxes in Rang 6 classroom for non-perishable foods to be given to St.
Vincent de Paul. Children of the school can bring food for the boxes to school and place it in the box
before next Wednesday 21st December. I also commend the children who prepared a box for the
‘Shoebox Appeal’.
Tá a lán imeachtaí eagraithe sa scoil don Nollaig. The following is the schedule of events in the
school for Christmas.
Luan 19 Nollaig: Dráma na Nollag ag Rang 2 @2pm
Máirt 20 Nollaig: Rang 1 agus 5 @ 11.15am, Rang 2 @11.45am, Rang 4 agus 6 @12.15pm ag
canadh san ionad siopadóireachta St Laurence’s. All proceeds of the Carol Singing will go to SVP.
Céadaoin 21 Nollaig: Seó puipéad Rang 5 @9.45am, 11.15am agus 11.50am
Céadaoin 21 Nollaig Ceolchoirm Rang 3 um thráthnóna.
Chun deireadh a chur le 2016 i Scoil Aonghusa beidh na Naíonán agus Ceoltóirí na scoile ag
canadh sa chlós ar 11.40 r.n. ar an Déardaoin 22 Nollaig. Dúnfaidh an scoil ar 12 a chlog.
To end our school term and to create some Christmas spirit the Naíonáin along with the musicians of
the school will perform Christmas music and songs on the steps of the school at 11.40 a.m. on
Thursday 22nd December. The school will close at 12 noon.
Osclóidh an scoil arís ar an Luan 9 Eanáir 2016. Guím Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise daoibh go
léir. The school will open on Wednesday 9th of January 2016. I wish you and your family a very
Happy and Peaceful Christmas. I thank you for your continued support and dedication to our school
community.
Le meas,